Comórtas Filíochta Mother Tongues
Filí Óga Uaillmhianacha Uile Atá Uainn!
An maith leat prós a chumadh, rím a dhéanamh, nó comhrá a chruthú i rannta?
Más maith, scríobh isteach chugainn óir seo í an deis is fearr duitse!
Tá sceitimíní ar Mother Tongues Comórtas Filíochta 2020 a fhógairt i gcomhar le Déanann Teangacha Nasc agus le hÉigse Éireann, comórtas a dhéanann cumhacht na filíochta agus an ilteangachais a cheiliúradh. Tá ríméad orainn gurb iad Felicia Olusanya agus Marluce Lima moltóirí na bliana seo.
Tá cuireadh á thabhairt againn d’fhilí óga uaillmhianacha idir aois 8 – 18 chun scéal maidir le “Teanga agus Féiniúlacht” a insint tríd an bhfilíocht i mbliana.
Is féidir dánta a scríobh i do rogha theanga féin agus ní mór iad a sheoladh chugainn roimh 27 Eanáir 2020 tríd an bhfoirm seo ar shuíomh Fhéile na Máthairtheangacha. Más mian leat iontráil a dhéanamh i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann nó na Breataine, ní mór duit an fhoirm chéanna a chomhlíonadh mar aon le físeán (móide téacs an dáin sa réimse don teachtaireacht faoi Message field) a sheoladh trí Wetransfer chuig francesca@mothertongues.ie.
Foilseofar an dán leis an té a bhuann ar shuíomh Fhéile na Máthairtheangacha agus beidh duaiseanna ag dul don bhuaiteoir ámharach freisin, ina measc dearbhán leabhar ar luach €100, ticéid chuig Féile na Máthairtheangacha 2020, agus rogha leabhar ó Éigse Éireann.
Déan cinnte le do thoil go mbreathnaíonn tú ar gach ceann de na treoirlínte agus de na Téarmaí & Coinníollacha sula gcuireann tú do shaothar chugainn.
Bain sult as an gcumadóireacht!
You must be logged in to post a comment.